Wastewater Network / Treatment Operator - Louth
Free account needed to apply or save. It takes a minute, and we'll bring you right back to this job.
Key details
- Location
- Ireland
- Work style
- Onsite
- Level
- Mid level
- Function
- Skilled trades & Manufacturing
- Focus area
- other
- Posted
- 1w ago
Skills
About the role
Is sinne Uisce Éireann. Gach lá, bímid freagrach as seirbhísí uisce atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Mar fhóntas uisce rialáilte náisiúnta na hÉireann, is í ár bhfís go mbeidh Éire inbhuanaithe ann ina bhfuil meas ar uisce agus ina bhfuil sé cosanta, don domhan agus do na saolta uile a gcothaítear leis.
Is é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar phobail. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid bródúil as an bhfreagracht a ghlacadh as ár soláthar uisce a chosaint agus córas sábháilte uisce a chur ar aghaidh chuig daonra atá ag fás go tapa agus fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann a chumhachtú.
Táimid paiseanta faoi chumhacht a thabhairt dár ndaoine, iad a chumasú tionchar dearfach a bheith acu ar phobail ar fud na hÉireann. Tá comhfhís agus comhchuspóir mar threoir againn, agus cloímid le luachanna a shainíonn cé sinne agus a mhúnlaíonn an chaoi a n-oibrímid, áit a bhfreastalaímid ar chustaiméirí agus ar phobail, a n-oibrímid níos fearr le chéile, a ndéanaimid an rud ceart, a mbíonn uaillmhianta againn, agus a gcoinnímid a chéile slán. Is trínár n-iompar a shainítear an chaoi a ndéanaimid caidreamh agus cumarsáid le chéile, agus a mbíonn rath orainn le chéile. Baineann na luachanna agus an t-iompar seo le gach duine againn, thar gach ról, suíomh, agus leibhéal.
Is é an sprioc atá againn daoine oilte agus cumasacha ó chúlraí éagsúla a mhealladh agus a fhorbairt, agus tabharfaidh na daoine sin raon dinimiciúil saineolais agus léargas chuig ár gcuid oibre. Agus lucht saothair láidir luachbhunaithe ag Uisce Éireann, cinntítear gur féidir linn seirbhísí uisce na hÉireann a chur chun cinn agus freastal ar riachtanais na bpobal a bhfreastalaímid orthu, agus gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis an obair sin do na glúnta atá le teacht.
An Ról:
Is bunchloch í an fheidhm Oibríochtaí Sócmhainní maidir le seachadadh seirbhíse do chustaiméirí, an comhshaol a chosaint agus na caighdeáin rialála a chomhlíonadh chomh maith le formhór an chaiteachais oibriúcháin a bhainistiú. Tá freagracht ar réimse feidhme na nOibríochtaí Sócmhainní as straitéis oibríochta agus cothabhála, beartais, pleanáil agus nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha le haghaidh oibríochtaí Uisce agus Fuíolluisce go náisiúnta agus go réigiúnach, rud a chinntíonn go gcuirtear luach ar airgead agus seirbhís do chustaiméirí ar fáil.
Tá freagracht ar fhoireann na nOibríochtaí Uisce agus Fuíolluisce as soláthar réigiúnach seirbhísí oibriúcháin uisce agus fuíolluisce trí na sócmhainní cóireála agus líonra a oibriú, a iniúchadh, a chothabháil agus a dheisiú.
Bainfidh sainchúram an Oibritheora Cóireála Fuíolluisce le limistéar geografach ar leith agus beidh sé/sí freagrach as oibriú na bpróiseas cóireála ag na hionaid chóireála a sannadh agus as gnáthghníomhaíochtaí cothabhála a dhéanamh ag sócmhainní i gceantar áirithe, ag láithreáin éagsúla de réir mar a iarrfar, agus nuair a iarrfar, i gcomhréir le sceideal na dtascanna.
Bainfidh sainchúram an Oibritheora Líonra Fuíolluisce le limistéar geografach ar leith agus beidh sé/sí freagrach as tacú le hoibriú an líonra uisce agus fuíolluisce chun seirbhís sheasmhach a chur ar fáil do chustaiméirí agus chun gnáthghníomhaíochtaí cothabhála a dhéanamh ar shócmhainní an líonra. Déanfaidh an tOibrithreoir Líonra Fuíolluisce idirphlé tábhachtach leis an gcustaiméir agus réiteoidh sé/sí fadhbanna an chéad uair nuair is féidir.
Beidh sé riachtanach obair a dhéanamh lasmuigh d’uaireanta oibre agus beidh rátaí oiriúnacha ragoibre agus fuireachais i bhfeidhm.
Táimid i mbun earcaíochta faoi láthair le haghaidh Oibritheoirí chun folúntais reatha a líonadh agus chomh maith leis sin táimid ag iarraidh daoine a chur ar phainéal maidir le folúntais amach anseo. Breithneofar iarratais d’fholúntais don dá ról thuas. Tá sainchuntais phoist iomlána ar fáil thíos.
Tabhair faoi deara go mbeidh sé riachtanach go mbeidh tú lonnaithe laistigh d’achar réasúnta ó limistéar na hoibre/na sócmhainne a shannfar d’fhonn a bheith in ann freagairt gan mhoill do riachtanais taobh amuigh de ghnáthuaireanta oibre.
*Tabhair faoi gur laistigh den scála tuarastail a fógraíodh a bheidh an tuarastal a thairgfear d’iarrthóirí seachtracha rathúla, agus beidh an méid bunaithe ar mheasúnú ar a gcuid scileanna, cáilíochtaí agus taithí ábhartha agus ar a n-ullmhacht chun freagrachtaí an róil a ghlacadh, agus is é €36,640 (an pointe is ísle ar an scála) an tuarastal tosaigh don ról seo.
Measfar iarrthóirí inmheánacha i gcomhréir le cur i bhfeidhm Shamhail Phá Uisce Éireann agus na mbeartas pá gaolmhar.
Deartar an raon tuarastail chun glacadh leis go bhféadfadh iarrthóirí rathúla páirt a ghlacadh san eagraíocht ag céimeanna éagsúla dá ngairm, fad atá scóip á cur ar fáil d’fhorbairt tuarastail amach anseo de réir mar a fhorbraíonn cumas agus eispéireas.
____________________
Is sinne Uisce Éireann. Gach lá, bímid freagrach as seirbhísí uisce atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Mar fhóntas uisce rialáilte náisiúnta na hÉireann, is í ár bhfís go mbeidh Éire inbhuanaithe ann ina bhfuil meas ar uisce agus ina bhfuil sé cosanta, don domhan agus do na saolta uile a gcothaítear leis.
Is é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar phobail. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid bródúil as an bhfreagracht a ghlacadh as ár soláthar uisce a chosaint agus córas sábháilte uisce a chur ar aghaidh chuig daonra atá ag fás go tapa agus fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann a chumhachtú.
Táimid paiseanta faoi chumhacht a thabhairt dár ndaoine, iad a chumasú tionchar dearfach a bheith acu ar phobail ar fud na hÉireann. Tá comhfhís agus comhchuspóir mar threoir againn, agus cloímid le luachanna a shainíonn cé sinne agus a mhúnlaíonn an chaoi a n-oibrímid, áit a bhfreastalaímid ar chustaiméirí agus ar phobail, a n-oibrímid níos fearr le chéile, a ndéanaimid an rud ceart, a mbíonn uaillmhianta againn, agus a gcoinnímid a chéile slán. Is trínár n-iompar a shainítear an chaoi a ndéanaimid caidreamh agus cumarsáid le chéile, agus a mbíonn rath orainn le chéile. Baineann na luachanna agus an t-iompar seo le gach duine againn, thar gach ról, suíomh, agus leibhéal.
Is é an sprioc atá againn daoine oilte agus cumasacha ó chúlraí éagsúla a mhealladh agus a fhorbairt, agus tabharfaidh na daoine sin raon dinimiciúil saineolais agus léargas chuig ár gcuid oibre. Agus lucht saothair láidir luachbhunaithe ag Uisce Éireann, cinntítear gur féidir linn seirbhísí uisce na hÉireann a chur chun cinn agus freastal ar riachtanais na bpobal a bhfreastalaímid orthu, agus gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis an obair sin do na glúnta atá le teacht.
An Ról:
Is bunchloch í an fheidhm Oibríochtaí Sócmhainní maidir le seachadadh seirbhíse do chustaiméirí, an comhshaol a chosaint agus na caighdeáin rialála a chomhlíonadh chomh maith le formhór an chaiteachais oibriúcháin a bhainistiú. Tá freagracht ar réimse feidhme na nOibríochtaí Sócmhainní as straitéis oibríochta agus cothabhála, beartais, pleanáil agus nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha le haghaidh oibríochtaí Uisce agus Fuíolluisce go náisiúnta agus go réigiúnach, rud a chinntíonn go gcuirtear luach ar airgead agus seirbhís do chustaiméirí ar fáil.
Is ar an bhfoireann sa réimse Bainistíochta O&C Fuíolluisce a luíonn an fhreagracht as seirbhísí oibríochtaí fuíolluisce a sholáthar ar bhonn náisiúnta trí shócmhainní fuíolluisce (líonra/cóireáil) a oibriú, a iniúchadh, a chothabháil agus a dheisiú.
Beidh an tOibritheoir Cóireála Fuíolluisce freagrach don Cheannasaí Foirne Oibríochtaí Cóireála Fuíolluisce, bainfidh a s(h)ainchúram le limistéar geografach ar leith agus beidh sé/sí freagrach as oibriú na bpróiseas cóireála ag na hionaid chóireála a sannadh agus as gnáthghníomhaíochtaí cothabhála a dhéanamh ag sócmhainní i gceantar áirithe, ag láithreáin éagsúla de réir mar a iarrfar, agus nuair a iarrfar, i gcomhréir le sceideal na dtascanna.
Beidh sé riachtanach obair a dhéanamh lasmuigh d’uaireanta oibre agus beidh rátaí oiriúnacha ragoibre agus fuireachais i bhfeidhm.
Príomhdhualgais agus Freagrachtaí:
• Tacú le hoibriú na bpróiseas cóireála fuíolluisce, agus gnáthghníomhaíochtaí cothabhála a dhéanamh thar bhonn sócmhainní gléasra éagsúla
• Sócmhainní a sannadh a oibriú agus a chothabháil de réir mar is gá lena n-áirítear sócmhainní a rialú agus a choigeartú, sócmhainní a iniúchadh agus monatóireacht a dhéanamh orthu, trealamh a thástáil agus a chalabrú, sócmhainní a chothabháil, tomhaltáin a athlíonadh agus araile.
• An líonra fuíolluisce a oibriú lena n-áirítear fo-phointí cóireála a oibriú ar an líonra chun seirbhís chomhsheasmhach a sholáthar do chustaiméirí agus gnáthghníomhaíochtaí cothabhála a dhéanamh
• Seiceálacha agus iniúchtaí sócmhainní a dhéanamh chun a chinntiú go sainaithnítear agus go réitítear fadhbanna sócmhainní go luath, ag ardú orduithe oibre ar Maximo nuair is gá. Trealamh leictreonach a úsáid mar a shanntar, cosúil le haonaid láimhe, ríomhairí pearsanta, Aip Oibre Aonair de réir mar is gá
• Na paraiméadair cháilíochta riachtanacha go léir a sheiceáil, a thaifeadadh agus monatóireacht a dhéanamh orthu
• Seiceálacha agus anailís oibríochta táscacha laethúla a dhéanamh de réir mar is gá agus torthaí a thuairisciú trí chórais chuí.
• Freagairt a thabhairt ar fholáirimh SCADA/ teiliméadrachta de réir caighdeáin agus nósanna imeachta.
• Tacú le cur i bhfeidhm moltaí um bharrfheabhsú próisis chun feidhmíocht chóireála a fheabhsú nó chun éifeachtúlacht a bhaint amach.
• Faisnéis ábhartha a bhaineann le cóireáil fuíolluisce a thaifeadadh go pras agus a thuairisciú go cruinn ag baint úsáide as na córais teicneolaíochta a chuirtear ar fáil.
• Léamh an mhéadair de réir mar is gá
• Stoic ábhar agus ceimiceán a choinneáil lena chinntiú athordú nuair is gá.
• Tacaíocht a thabhairt don Ionad Teagmhála um Chustaiméirí maidir le haon cheisteanna/ceisteanna custaiméara
• Stoic ríthábhachtacha le spáráil, uirlisí agus trealamh atá ar an láthair a choinneáil.
• A chinntiú go mbíonn gach Gléasra agus Trealamh Meicniúla, Leictreacha agus Rialaithe i riocht maith i gcónaí agus beidh sé/sí freagrach as a oibriú éifeachtach agus éifeachtúil de réir gach Treorach Teicniúla agus aon Treorach Teicniúla agus/nó Lámhleabhair Oibriúcháin agus Cothabhála a cuirtear ar fáil, agus cibé treoracha breise a thabharfaidh an Bainisteoir Líne.
• Samplaí den fhuíolluisce, roimh agus tar éis cóireála a ghlacadh, na hanailísí saotharlainne riachtanacha go léir a dhéanamh mar a leagtar amach sna Lámhleabhair Theicniúla ábhartha agus taifead ar na torthaí go léir a fhaightear a dhéanamh.
• Maoirseacht a dhéanamh ar gach obair chothabhála agus deisiúcháin a dhéantar agus a chinntiú go ndéantar é a chur i gcrích i gceart, go héifeachtúil agus go bhfágfar i riocht críochnaithe agus sásúil é.
• Cothabháil ghinearálta ar gach séarach, lena n-áirítear príomhlíonra atá ag méadú, píobáin sceite stoirme, seomraí caidéil faoi thalamh, ionaid chóireála agus láithreáin lena n-áirítear gach fál, geata agus foirgneamh agus saoráidí coimhdeacha.
• Bí i láthair nuair a dhéanfar naisc nua, más gá.
• Taobh istigh agus taobh amuigh de na hoibreacha cóireála, na stáisiúin chaidéalúcháin agus foirgnimh eile go léir a chothabháil i ndea-riocht agus i riocht glan agus slachtmhar. Go háirithe, coimeádfar gach foirgneamh i riocht glan gan smál mar gheall ar chineál agus ar chuspóir na nOibreacha.
• Tacú le hoibriú sócmhainní nua-choimisiúnaithe/ uasghrádaithe de réir mar is gá, lena n-áirítear.
dul faoi oiliúint ábhartha
• Páirt a ghlacadh in obair lasmuigh d’uaireanta oibre agus in obair fuireachais de réir mar is gá.
• Comhlíonadh nósanna imeachta um shábháilteacht oibre a chinntiú agus páirt iomlán a ghlacadh in aon chlár sábháilteachta a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm. Tabhairt faoi dhualgais ar bhealach slán sábháilte agus úsáid a bhaint as trealamh nó as éadaí cosanta pearsanta ar bhonn laethúil mar a oireann do na tascanna
• Dualgais a chomhlíonadh faoin Acht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair, lena n-áirítear;
• Cloí le Rialacháin Foirgníochta lena n-áirítear tabhairt faoi dhualgais a shanntar faoi na Rialacháin, de réir bheartas Uisce Éireann
• Guaiseacha a aithint agus measúnuithe riosca suímh a dhéanamh roimh ghníomhaíochtaí oibre
• Nósanna imeachta um obair shábháilte agus nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha a chur i bhfeidhm
• Tabhairt faoi gach oiliúint sláinte agus sábháilteachta a sannadh, lena n-áirítear Pas Sábháilte agus, nuair is cuí, Scileanna Deimhnithe Tógála
• Trealamh agus uirlisí sábháilteachta cuí a úsáid, lena n-áirítear Trealamh Cosanta Pearsanta
• Nuair is gá, treoir a lorg ón gCeann Foirne maidir le measúnuithe riosca suímh a dhéanamh
• Áiseanna na láithreán leasa a chothabháil
• Rialú agus taifead a dhéanamh ar rochtain ar láithreáin ag pearsanra eile de chuid Uisce Éireann agus ag cuairteoirí seachtracha agus soláthraithe seirbhíse
• Comhoibriú ar leibhéal an láithreáin le pearsanra eile ó Uisce Éireann agus le soláthraithe seirbhíse eile
• Gach ábhar suímh a thaifeadadh, lena n-áirítear timpistí, teagmhais agus neastimpistí
• Aon ghníomhartha ceartaitheacha a chur i gcrích don réimse freagrachta Oibriúcháin
• Tacaíocht a sholáthar chun an Plean Sláinte agus Sábháilteachta ar Chéim na Tógála a nuashonrú
• Faisnéis ábhartha a chur ar fáil don Chomhad Sábháilteachta
• An Comhad Sábháilteachta a nuashonrú agus a chothabháil go háitiúil agus nuashonruithe a sheoladh chuig córas ECM Uisce Éireann.
Dualgais agus Freagrachtaí Ginearálta:
• Comhoibriú le príomhpháirtithe leasmhara inmheánacha ar fud ghnólacht UÉ.
• Freagrach as gealltanais sláinte agus sábháilteachta a chur chun cinn agus a sheachadadh ar fud UÉ agus a shlabhra soláthair, iompair dhearfacha a neartú agus cuspóirí agus riachtanais sláinte agus sábháilteachta ar na caighdeáin is airde sa tionscal a sheachadadh.
• Tacaíocht a thabhairt don Chlár Uisce Éireann um Bunathrú chun Feabhais a sholáthar, torthaí a theastaíonn laistigh den Stiúrthóireacht a bhaint amach, agus tacú le cuspóirí uile-eagraíochta a bhaint amach.
• Dualgais agus freagrachtaí a chur i gcrích i gcomhréir le beartais, caighdeáin, próisis agus rialuithe Slándála Faisnéise Uisce Éireann chun rúndacht, sláine agus infhaighteacht faisnéise gnó de chuid Uisce Éireann a chosaint, agus seirbhísí ríthábhachtacha a chur i gcrích, i gcomhréir le Treoir NIS (Slándáil Líonra agus Faisnéise) agus le rialachán cibearshlándála ábhartha eile ar bith.
• Dualgais eile nuair is gá.
Eolas, Scileanna agus Taithí:
• Oideachas dara leibhéil nó taithí oibre coibhéiseach.
• Taithí ar chórais TF a úsáid agus eolas láidir oibre ar Microsoft Office m.sh. Word & Excel
• Coinnímid a chéile slán - taithí agus tuiscint ar oibriú laistigh de chultúr láidir sláinte agus sábháilteachta
• Soláthraímid scoth na seirbhíse do chustaiméirí agus pobail - bheith ar a d(h)ícheall ag iarraidh ardchaighdeán a bhaint amach agus ardchaighdeáin oibre á gcinntiú i gcónaí
• Tá eolas bunúsach maith ar chórais agus ar chleachtais fuíolluisce inmhianaithe.
• Scileanna láidre um réiteach fadhbanna agus tiomantas chun saincheisteanna a réiteach go pras agus tú ag feidhmiú as do stuaim féin
• Scileanna litearthachta láidre
• Is riachtanas íosta é ceadúnas tiomána chatagóir B Éireannach atá iomlán, glan agus bailí. Tá catagóirí breise Ceadúnais Tiomána ina mbuntáiste. Sainmhínítear ceadúnas glan tiomána mar seo a leanas; níor ciontaíodh an t-iarrthóir i gcion faoi na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre (seachas cion arb é an pionós pointí pionóis a ghearradh ina leith).
• Oibrímid níos fearr le chéile - cumas cruthaithe dea-chaidrimh oibre a chruthú agus a fhorbairt chun baint amach spriocanna oibre a éascú, chomh maith leis an gcumas gealltanais a fháil ó dhaoine eile
• Is fearr linn iarrthóirí a bhfuil Deimhniúchán in Oibríochtaí Ionad Cóireála Uisce/Fuíolluisce acu
• Is fearr linn go mbeadh cáilíocht Ghrúpa Oiliúna na Seirbhísí Fuíolluisce ag iarrthóirí
• Tá scileanna nó oiliúint pluiméireachta nó leictreacha inmhianaithe
• Is fearr linn iarrthóirí a bhfuil taithí oibre laistigh den Tionscal Uisce agus/nó Fóntais eile acu
• Tá taithí ar oibriú le córais rialaithe uathoibrithe amhail SCADA inmhianaithe.
• Tá taithí ar oibriú le córais rialaithe agus ar sheirbhísiú agus ar chothabháil ionstraimíochta atá suiteáilte ar ghléasraí chun monatóireacht agus rialú uathoibríoch a dhéanamh ar phróisis inmhianaithe.
• Le hoiliúint iomlán agus measúnú riosca, ní mór go mbeadh an cumas ag an sealbhóir róil oibriú i dtimpeallachtaí a d’fhéadfadh mionainmhithe foghla a mhealladh, a bheith torannach agus a éilíonn úsáid cosanta cluas, a cheanglaíonn ort ceimiceáin ghuaiseacha a bhainistiú agus a láimhseáil leis an trealamh cosanta riachtanach go léir, dul isteach i spásanna beaga inar cuireadh oiliúint orthu chun é sin a dhéanamh.
Tabhair faoi deara go mbeidh sé riachtanach a bheith lonnaithe laistigh d’achar réasúnta ó limistéar na hoibre a shannfar d’fhonn a bheith in ann freagairt a dhéanamh gan mhoill do riachtanais taobh amuigh de ghnáthuaireanta oibre.
*Tabhair faoi gur laistigh den scála tuarastail a fógraíodh a bheidh an tuarastal a thairgfear d’iarrthóirí seachtracha rathúla, agus beidh an méid bunaithe ar mheasúnú ar a gcuid scileanna, cáilíochtaí agus taithí ábhartha agus ar a n-ullmhacht chun freagrachtaí an róil a ghlacadh, agus is é €36,640 (an pointe is ísle ar an scála) an tuarastal tosaigh don ról seo.
Measfar iarrthóirí inmheánacha i gcomhréir le cur i bhfeidhm Shamhail Phá Uisce Éireann agus na mbeartas pá gaolmhar.
Deartar an raon tuarastail chun glacadh leis go bhféadfadh iarrthóirí rathúla páirt a ghlacadh san eagraíocht ag céimeanna éagsúla dá ngairm, fad atá scóip á cur ar fáil d’fhorbairt tuarastail amach anseo de réir mar a fhorbraíonn cumas agus eispéireas.
Is fostóir comhdheiseanna é Uisce Éireann.
Táimid tiomanta d'ionad oibre éagsúil agus cuimsitheach a chur ar fáil agus tá straitéis agus creat láidir againn ar a dtugtar ibelong chun é sin a chumasú. Is fostóir comhdheiseanna muid agus trínár bpróiseas earcaíochta, spreagaimid agus fáiltímid roimh iarratais ó dhaoine aonair a bhfuil suim acu agus atá cáilithe go cuí beag beann ar inscne, ar aois, ar bhunús ciníoch nó eitneach, ar bhallraíocht den lucht siúil, ar reiligiún nó ar chreidimh, ar stádas teaghlaigh nó ar stádas sibhialta, ar chlaonadh gnéis/ar fhéiniúlacht inscne nó ar mhíchumas.
____________________
Is sinne Uisce Éireann. Gach lá, bímid freagrach as seirbhísí uisce atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Mar fhóntas uisce rialáilte náisiúnta na hÉireann, is í ár bhfís go mbeidh Éire inbhuanaithe ann ina bhfuil meas ar uisce agus ina bhfuil sé cosanta, don domhan agus do na saolta uile a gcothaítear leis.
Is é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar phobail. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid bródúil as an bhfreagracht a ghlacadh as ár soláthar uisce a chosaint agus córas sábháilte uisce a chur ar aghaidh chuig daonra atá ag fás go tapa agus fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann a chumhachtú.
Táimid paiseanta faoi chumhacht a thabhairt dár ndaoine, iad a chumasú tionchar dearfach a bheith acu ar phobail ar fud na hÉireann. Tá comhfhís agus comhchuspóir mar threoir againn, agus cloímid le luachanna a shainíonn cé sinne agus a mhúnlaíonn an chaoi a n-oibrímid, áit a bhfreastalaímid ar chustaiméirí agus ar phobail, a n-oibrímid níos fearr le chéile, a ndéanaimid an rud ceart, a mbíonn uaillmhianta againn, agus a gcoinnímid a chéile slán. Is trínár n-iompar a shainítear an chaoi a ndéanaimid caidreamh agus cumarsáid le chéile, agus a mbíonn rath orainn le chéile. Baineann na luachanna agus an t-iompar seo le gach duine againn, thar gach ról, suíomh, agus leibhéal.
Is é an sprioc atá againn daoine oilte agus cumasacha ó chúlraí éagsúla a mhealladh agus a fhorbairt, agus tabharfaidh na daoine sin raon dinimiciúil saineolais agus léargas chuig ár gcuid oibre. Agus lucht saothair láidir luachbhunaithe ag Uisce Éireann, cinntítear gur féidir linn seirbhísí uisce na hÉireann a chur chun cinn agus freastal ar riachtanais na bpobal a bhfreastalaímid orthu, agus gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis an obair sin do na glúnta atá le teacht.
An Ról:
Is bunchloch í an fheidhm Oibríochtaí Sócmhainní maidir le seachadadh seirbhíse do chustaiméirí, an comhshaol a chosaint agus na caighdeáin rialála a chomhlíonadh chomh maith le formhór an chaiteachais oibriúcháin a bhainistiú. Tá freagracht ar réimse feidhme na nOibríochtaí Sócmhainní as straitéis oibríochta agus cothabhála, beartais, pleanáil agus nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha le haghaidh oibríochtaí Uisce agus Fuíolluisce go náisiúnta agus go réigiúnach, rud a chinntíonn go gcuirtear luach ar airgead agus seirbhís do chustaiméirí ar fáil.
Is ar an bhfoireann sa réimse Bainistíochta O&C Fuíolluisce a luíonn an fhreagracht as seirbhísí oibríochtaí fuíolluisce a sholáthar ar bhonn náisiúnta trí shócmhainní fuíolluisce (líonra/cóireáil) a oibriú, a iniúchadh, a chothabháil agus a dheisiú.
Beidh an tOibritheoir Líonra Fuíolluisce freagrach don Cheannasaí Foirne Oibríochtaí Líonra Fuíolluisce, bainfidh a s(h)ainchúram le limistéar geografach ar leith agus beidh sé/sí freagrach as tacú le hoibriú an líonra uisce agus fuíolluisce chun seirbhís sheasmhach a chur ar fáil do chustaiméirí agus chun gnáthghníomhaíochtaí cothabhála a dhéanamh ar shócmhainní an líonra. Déanfaidh an tOibrithreoir Líonra Fuíolluisce idirphlé tábhachtach leis an gcustaiméir agus réiteoidh sé/sí fadhbanna an chéad uair nuair is féidir.
Beidh sé riachtanach obair a dhéanamh lasmuigh d’uaireanta oibre agus beidh rátaí oiriúnacha ragoibre agus fuireachais i bhfeidhm.
Príomhdhualgais agus Freagrachtaí:
• Oibriú an líonra fuíolluisce a thacú chun seirbhís sheasmhach a sholáthar do chustaiméirí agus chun gníomhaíochtaí gnáthchothabhála a dhéanamh ar shócmhainní an líonra. Beidh na nithe a leanas san áireamh le gníomhaíochtaí líonra eile: ag cuidiú le suirbhéanna ar shéaraigh de réir mar is gá; láthair insíothlaithe throm nó screamhuisce ó shilteáin bhóthair a aimsiú, imscrúduithe a dhéanamh agus idirghabhálacha a shainaithint a theastaíonn ón líonra, baic a ghlanadh agus freagairt a dhéanamh d’aláraim de réir mar is gá.
•
Get jobs like this as soon as they're posted
JobSuited checks company career sites all day and ranks every opening against your profile. Free to join.